An chéad raidió a dhíol sé agus as sin cheannaigh sé cinn ó HMV i mBaile Átha Cliath. Cheannaigh sé ceithre dhosaen acu. Dhíol sé i bhFánaid iad mall sna caogaidí agus chaith sé an geimhreadh a ndíol ó theach go teach. As sin thosaigh sé ag díol teilifís i dtús na seascaidí. Bhí gnó maith bunaithe aige.
00:05:36
1942 – 1945, thosaigh Patrick agus a dheartháir Columba ag iompair teileagraim go dtí oifig an phoist i mBaile Uí Shírín (Ballyheerin) i bhFánaid. Fuair siad scilling as achan teileagram a thug siad go Baile Uí Shírín. Théadh siad anonn an Mhaol Ruaidh i mbád beag le faradh Mhic Giolla Chainnigh (Mc Elhinneys).